top of page

Eolos Fúinn Fhéin

 

Leis an spreagadh a fuaireamar as áilleacht gharbh na tírdhreacha, as glaineacht agus flúirse uiscí Loch Measca agus as cultúr agus stair shaibhir an cheantair, bhí a fhios againn go gcaithfimis ár ndrioglann a bhunú i gCoill an tSiáin i gCo. Mhaigh Eo.

 

Tá an drioglann lonnaithe ar bhruach an locha i bhfoirgneamh atá athchóirithe. Thángamar ar an bhfoirgneamh folamh cúpla bliain ó shin agus tá sé athchóirithe againn, réitithe chun ár micridhrioglann a thógáil. Thosaigh ár dtáirgeadh i dtús 2018 agus tá na chéad chuid dár mbiotáillí ar fáil anois.

-

Is iad na príomhtháirgí atá againn ná Fuisce Aon Bhraiche Loch Measc, Jin Loch Measc, agus Vodca Loch Measc.

 

De láimh, cruthaímid baisceanna bídeacha de bhiotáille atá iontach méith inár stileanna pota álainne copair. Gaibhne copair traidisiúnta a rinne na stileanna seo dúinn, bunaithe ar stíl ársa na Stile Ailimic. Má bhreathnaíonn tú ar ár stileanna, feicfidh tú gach buille cúramach a rinne an casúr. Ag teacht lenár gcultúr micristiléireachta, tá athmhúnlú, athchúrsáil agus oiriúnú déanta againn ar chuid mhór dár dtrealamh ar thángamar air i ngrúdlanna beaga éagsúla, drioglanna agus feirmeacha déiríochta.

 

Tá míle fáilte romhat a theacht ar cuairt chuig ár ndrioglann agus sásamh a bhaint as áilleacht fhiáin iontach an cheantair a thugann spreagadh dúinn gach lá.

bottom of page