top of page

Fuisce Aon Bhraiche Loch Measc

Déantar Fuisce Aon Bhraiche Loch Measc as an eorna bhraiche is fearr atá le fáil agus as uisce glan Loch Measca. Déantar ár mbiotáille a dhriogadh faoi dhó agus a thabhairt chun cineáil i mbairillí atá déanta as dair Mheiriceánach agus Eorpach. Mar thoradh ar an stíl tháirgthe, tá blas méith coimpléascach ar an bhfuisce, le blaisín bídeach spíosraí agus iarbhlas sásúil fadálach. Beidh fuiscí aon bhraiche deataithe agus neamhdheataithe againn. Aibímid na cinn atá againn ar feadh trí bliana, mar sin beidh an chéad fhuisce dár gcuid ar fáil in 2021.

Jin Moch Measc
Tá an jin atá againn spreagtha ag na caora d’aiteal fiáin a fhásann mórthimpeall Loch Measca. Tá flúirse ollmhór de luibheanna ag fás go rathúil mórthimpeall ár ndrioglann. Jin bríomhar atá againn, bunaithe ar an aiteall agus cic blasta as a fhágann lorg thuaithe fiáin na hÉireann i do bhéal.  Déanann sé G&T den scoth agus tá sé déanta ar bhealach a oibríonn go hiontach i Negroni clasaiceach. 

Click here to buy Loch Measc Gin.


Vodca Moch Measc
Sea, vodca a thugaimid ar mar gurb é sin an litriú Gaeilge ar an deoch! Tá an ceann atá againne tiomanta dóibh sin atá ar oilithreacht chun a theacht ar an vodca mionmheasctha is fearr. Déanaimid an ceann seo againne as na gráin is fearr atá le fáil agus as uisce fíorghlan Loch Measca. Déantar ár vodca i stileanna copair, rud a thugann an mhíne agus an blaistiú dó as a n-aithnítear é. 

Click here to buy Loch Measc Vodca

bottom of page